Quantcast
Channel: Údarás Craolacháin na hÉirean
Viewing all 204 articles
Browse latest View live

Nuashonrú Maidir le Ceadúnú Raidió: Seirbhísí Raidió Pobail

0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann  (“BAI”) inniu (2 Lúnasa 2017), go bhfuarthas na hiarratais seo a leanas ar thrí sheirbhís chraolacháin fuaime pobail, a fhreastalaíonn ar phobail in Iardheisceart Thiobraid  Árainn , in Iardheisceart  an Chláir,in Eochaill agus sa cheantar  mórthimpeall, agus seirbhís raidió comhleasa pobail amháin a fhreastalaíonn ar phobal chathair Chorcaí. D’fhógair an BAI  na ceithre seirbhís i Mí Bealtaine seo a chuaigh thart.

Iardheisceart Thiobraid Árann – Tiobraid Árann, Caiseal agus an Ceantar Mórthimpeall

Fuarthas iarratas ó Chomharchumann Raidió Teoranta Iardheisceart Thiobraid Árann, a chraolann mar sheirbhís Raidió Lár-iarthar Thiobraid Árann, ar sheirbhís raidió craolacháin fuaime pobail, a fhreastalaíonn ar phobal Thiobraid Árann, ar phobal Chaiseal agus ar an gceantar mórthimpeall. Oibríonn Raidió Lár-iarthar Thiobraid Árann seirbhís phobail 10 mbliana, atá ag dul in éag ar 31 Iúil 2018.

Iardheisceart an Chláir- Leathinis Cheann Léime taobh thiar de Chill Rois agus An Dún Beag

Fuarthas iarratas ó Chomharchumann Raidió Teoranta Iardheisceart an Chláir faoi theorainn ráthaíochta, a chraolann mar Raidió Corca  Baiscinn, ar sheirbhís raidió craolacháin fuaime pobail, a fhreastalaíonn ar phobal Chinn Léime, ar an taobh thiar de Chill Rois agus ar  an Dún Beag. Oibríonn Raidió Corca Baiscinn seirbhís phobail 10 mbliana, atá ag dul in éag 31 Iúil 2018.

Eochaill agus an Ceantar Mórthimpeall

Fuarthas iarratas ó Chomhlacht  Cumarsáide Teoranta Eochaille,  faoi Theorainn Ráthaíochta, a chraolann mar Raidió Pobail Eochaille, ar sheirbhís raidió craolacháin fuaime pobail, a fhreastalaíonn ar phobal Eochaille agus ar an gceantar mórthimpeall. Oibríonn Raidió Pobail Eochaille seirbhís phobail 10 mbliana, atá ag dul in éag 20 Deireadh Fómhair 2018.

Cathair Chorcaí- Seirbhís  Comhleasa Pobail

Fuarthas iarratas ó Cork New Life Media, a chraolann mar Life FM, mar raidió comhleasa pobail, a fhreastalaíonn ar phobal Críostaí Chathair Chorcaí. Oibríonn Life FM seirbhís comhleasa pobail 10 mbliana, atá ag dul in éag 31 Iúil 2018.

Déanfaidh an BAI athbhreithniú ar na hiarratais lena  chinntiú go bhfuarthas an fhaisnéis go léir atá riachtanach de réir an Treoir Maidir le hAighneachtaí agus go bhfuil na hiarratais bailí. Ar chríochnú na hathbhreithnithe seo, cuirfear na hiarratais ar fáil go poiblí.

CRÍOCH

The post Nuashonrú Maidir le Ceadúnú Raidió: Seirbhísí Raidió Pobail appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.


Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

0
0

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (3 Lúnasa).

Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar an 31 Bealtaine agus dhiúltaigh siad do 11 ghearáin. Bhain na gearáin le heagrán de The Late Late Show a craoladh ar RTÉ 1 teilifís i mí Eanáir 2017.

Tá sonraí faoi na cinntí sin go léir ar fáil lena n-íoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Ceisteanna ó na Meáin le cur ar: Tony Heffernan / Joanne Ahern, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-2399508 / 087-9881837

Nóta d’Eagarthóirí

Faoin Acht Craolacháin 2009, is féidir le breathnóirí agus le héisteoirí gearán a dhéanamh faoi lánas craolacháin a mheasann siad nach bhfuil ag teacht le cóid chraolacháin agus rialacha craolacháin an BAI. Ar aon dul le próiseas láimhseála gearán an BAI, ba cheart don bhreathnóir nó don éisteoir a ghearán a chur faoi bhráid an chraoltóra ar an gcéad dul síos. Ní mór é sin a bheith déanta laistigh de 30 lá ó dháta an chraolta.

Mura bhfuil breathnóir nó éisteoir sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcraoltóir nó murar thug an craoltóir freagra laistigh den tréimhse a shonraítear ina gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán (21 lá tar éis an gearán a fháil de ghnáth), féadfaidh an breathnóir nó an t-éisteoir an gearán a tharchur chuig an BAI lena bhreithniú.

Agus gearáin á measúnú aige, agus ag tabhairt aird ar a chuid cód agus rialacha, breithníonn an BAI an bunábhar a chuireann na páirtithe ábhartha isteach agus an bunábhar craolacháin. Is ag leibhéal an Choiste Feidhmiúcháin a mheasúnaítear gearáin nó is é an Coiste um Chomhlíonadh san Údarás a mheasúnaíonn iad.

Tar éis breithniú a bheith déanta ar ghearán:

  • Seoltar cóip den chinneadh chuig an ngearánach agus chuig an gcraoltóir sula bhfoilsítear é.
  • Sa chás go seastar, go hiomlán nó i bpáirt, le gearán, craolfaidh an craoltóir lena mbaineann cinneadh an Choiste um Chomhlíonadh, má mheasann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé cuí déanamh amhlaidh. D’fhéadfadh ainm an duine a rinne an gearán a bheith ar áireamh anseo. Déanfar é sin ag am atá gar don chraoladh bunaidh a ndearnadh an gearán ina leith. Is é an t-aon eisceacht air sin ná cásanna ina measann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé míchuí an cinneadh a chraoladh.
  • Sa chás go meastar gearán a bheith réitithe, tá an Coiste um Chomhlíonadh sásta gur déileáladh leis an ábhar agus nach bhfuil aon bheart breise ag teastáil.
  • Dáiltear cinntí an BAI ar na meáin agus postáiltear iad ar shuíomh Gréasáin an BAI, mura measann sé go bhfuil sé míchuí déanamh amhlaidh.
  • Tagann an próiseas chun deiridh tar éis don BAI an t-ábhar a bhreithniú agus a chinneadh a eisiúint.
  • Baineann cinntí leis an gceisteanna ar chloígh nó nár chlóigh an clár nó an fógra leis na riachtanais ábhartha agus na cóid agus na rialacha chraoltóireachta. Ní hionann na cinntí agus faomhadh nó tacaíocht a thabhairt  do dhearcthaí  aon pháirtí lena bhain an gearán agus ní thógann siad gach gné den ghearán a dhéantar san áireamh.

The post Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Folúntas HEO sa BAI: chonradh ar théarma seasta do trí-bliana

0
0

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratais ar folúntas láithreach ar léibhéal Bainisteora (HEO).

Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn.

Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Dé hAoine 1ú Meán Fomhair 2017. Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach go déanach.

The post Folúntas HEO sa BAI: chonradh ar théarma seasta do trí-bliana appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Fógra: BAI Seirbhísí Tacaíochta TF

0
0

Is gearr go mbeidh an BAI ag cuardach luachan i gcomhair seirbhísí tacaíochta TF. Is eagras beag é an BAI le timpeall daichead ball foirne, agus níl aon fhoireann TF shaintiomanta againn. Is néalbhunaithe é ár mbonneagar, agus a bhainistítear ag soláthróir tríú páirtí. Beimid ag súil le soláthróir chun TF oibriúcháin, soláthróirí tríú páirtí a bhainistiú agus chun fón agus tacaíocht ar an suíomh a sholáthar. Dá mba spéis leat luachan a sholáthar, seol ríomhphost le do shonraí teagmhála agus roinnt eolais faoi tusa agus do chuideachta chuig info@bai.ie.

The post Fógra: BAI Seirbhísí Tacaíochta TF appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Síníonn an BAI Conradh do dhá Stáisiún

0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (13.09.17) go sínfear dhá chonradh deich mbliana le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime. Tá na seirbhísí le haghaidh na seirbhíse reatha raidió Leathanfhormáide do Chathair agus Contae Luimnigh, Limerick’s Live 95FM, agus seirbhís nua raidió pobail do Chathair Chill Chainnigh agus a Purláin, Community Radio Kilkenny City.

Ag labhairt dó ag síniú na gconarthaí, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Tá an BAI an-sásta gur síníodh conarthaí leis an dá sheirbhís inniu. Tá eolas agus siamsaíocht á soláthar ag Limerick’s Live 95FM d’éisteoirí i gCathair agus Contae Luimnigh le nach mór 20 bliain anuas agus d’oibrigh ár seirbhís raidió pobail is déanaí, Community Radio Kilkenny City, roinnt ceadúnais píolótacha phobail 100 lá leis an BAI le roinnt blianta anuas. Guímid gach rath ar na conraitheoirí amach anseo.”

Rinne an Cathaoirleach, Pauric Travers agus Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach, ionadaíocht don BAI ag síniú na gconarthaí.  Seo a leanas sínitheoirí don dá stáisiún, anuas ar dháta éifeachtach gach conartha:

Ainm an Stáisiúin Limistéar Saincheadúnais Sínitheoirí an Stáisiúin Dáta Éifeachtach
Limerick’s Live 95FM Cathair agus Contae Luimnigh Joe Nash, Stiúrthóir an Stáisiúin;

Ronan Mc Manamy, Stiúrthóir

An 24 Deireadh Fómhair 2017
Community Radio Kilkenny City Cathair Chill Chainnigh agus a Purláin Cathal Cullen, Cathaoirleach; Miriam Hogan, Rúnaí An 27 Deireadh Fómhair 2017

Is féidir leis na Meáin Fiosrúcháin a dhéanamh le:

Tony Heffernan/Sebastian Enke, DHR Communications, Guthán: 01-4200580 / 087 2399508 / 087-3239496.

The post Síníonn an BAI Conradh do dhá Stáisiún appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Ráiteas BAI maidir le Communicorp Group

0
0

Ag eascairt ó chlúdach na meán le cúpla lá anuas, tá an BAI ar an eolas faoi thuairisciú ar ráiteas a d’eisigh Communicorp Group maidir le cosc a chur ar rannpháirtithe ó The Irish Times gan dul ar aon cheann dá chuid stáisiúin raidió.

Trína chuid fochuideachtaí, tá seilbh ag Communicorp Group ar chúig chonradh le haghaidh seirbhísí craoltóireachta fuaime leis an BAI: dhá sheirbhís náisiúnta, Newstalk FM agus Today FM; dhá sheirbhís bunaithe ar cheol atá ag feidhmiú i gcathair agus contae Baile Átha Cliath, 98FM agus Spin 1038; agus seirbhís réigiúnach atá bunaithe ar cheol don thiar theas, Spin South West. Tá Ráiteas Cláir Beartais i ngach conradh a leagann síos an cineál seirbhís a bheidh ar fáil agus ag tabhairt eolas ar réimse de thiomantais chláir.

Mar rialtán don earnáil craolacháin, tá an BAI tiomanta don éascú ar mheascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha.

Ar aon líne lena chúram reachtaíochta, níl páirt ag an BAI i gcinntí eagarthóireachta aonair na gcraoltóirí. Mar sin féin, de bharr go mbaineann an ráiteas a bhí eisithe ag an Communicorp Group (mar a thuairisciú) leis an ngrúpa seirbhísí atá ina seilbh, scríobhfaidh an BAI chuig Communicorp Group chun roinnt ceisteanna a shoiléiriú maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta agus na gealltanais chonartha de sheirbhísí aonair.

Chomh maith leis sin, pléifidh an tÚdarás an cheist ag an chéad chruinniú eile, atá socruithe don 19ú Deireadh Fómhair.

Ní raibh an Communicorp Group i dteagmháil le BAI maidir leis seo.

Ní bheidh an BAI ag déanamh níos mó ráiteas fad agus atá sé seo ar siúl.

The post Ráiteas BAI maidir le Communicorp Group appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Gairm ar thairiscintí: Seirbhísí Tacaíochta TF

0
0

Faoi láthair tá an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg tairiscintí do dhá chonradh seirbhís tacaíochta TF, ceann le haghaidh seirbhísí tacaíochta a sholáthar agus ceann le haghaidh seirbhísí tacaíochta CRM (ServiceNow) a sholáthar. Tá Tairiscintí á lorg do gach conradh curtha ar Etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Dé Máirt … Continued

The post Gairm ar thairiscintí: Seirbhísí Tacaíochta TF appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Leithdháileann an BAI beagnach €5.8m ar 120 tionscadal faoin Scéim Sound & Vision

0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (An BAI) inniu an (24 Deireadh Fómhair) sonraí maidir leis na dámhachtainí maoinithe is déanaí faoi Scéim um Maoiniú Craolacháin Sound & Vision 3.

I ndiaidh próiseas measúnaithe cuimsitheach, tá maoiniú €5.774m ar an iomlán leithdháilte ar 120 tionscadal. As sin, tá beagán os cionn €5.149m leithdháilte ar 32 tionscadal teilifíse, agus bainfidh 88 tionscadal raidió leas as luach €625,000 de mhaoiniú. Fuarthas thart ar 220 iarratas i gcomhair maoinithe i mBabhta 29 den scéim, ag lorg maoinithe €19.4m.

Cé go bhfuil líon na n-iarratas cosúil leis sin i mbabhtaí le déanaí anuas, tá laghdú beag ó Bhabhta 28 i dtaca leis an méid a iarradh. Níl aon athrú ar chóimheas na n-iarratas teilifíse (81) le raidió (139). Arís eile, is iad na cláir faisnéise na cláir is mó a bhfuil tóir orthu agus is mó a lorgaítear maoiniú dóibh.  I measc roinnt de na tionscadail mhóra a fuair tacaíocht sa bhabhta reatha tá siad seo a leanas:

  • “Comeback”: clár faisnéise le haghaidh RTÉ One ar an dornálaí, Katie Taylor, agus í ag tabhairt aghaidh ar saol gairmiúil na dornálaíochta.
  • “Jump Girls”: clár faisnéise dátheangach do TG4 maidir le saol na mban a bhaineann slí mhaireachtála amach ag barr na rásaíochta seilge náisiúnta
  • “Charred Remains”: clár faisnéise le haghaidh Newstalk maidir le dó Oifig na dTaifead Poiblí i rith an Chogaidh Cathartha.
  • “Na Treibheanna: Music for Life”: sraith dhátheangach do RTÉ One a dhéanfaidh cúrsaí fhochultúir an cheoil in Éirinn a iniúchadh.
  • “The Future is You”: sraith le haghaidh Oireachtas TV atá ceaptha chun daoine óga idir 10-13 bliana d’aois a chur ar an eolas faoi na córais rialtais in Éirinn.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Is príomhghné de straitéis an BAI an Scéim Sound and Vision seo, go háirithe faoi na téamaí a bhaineann le héagsúlacht agus iolarthacht a chur chun cinn agus nuálaíocht agus inbhuanaitheacht na hearnála a fheabhsú. Tá ríméad orainn leanúint ar aghaidh lenár dtacaíocht do thionscadail raidió agus teilifíse ar ardchaighdeán do lucht féachana na hÉireann. Ina theannta sin, tá tacaíocht an BAI ina gné lárnach anois i bpleananna maoinithe do thionscadail ar luach níos airde agus, dá bharr sin, cuidíonn sé le hinbhuanaitheacht na hearnála léirithe neamhspleáiche i dteilifís agus i raidió.

“Arís eile, is mó go mór líon na n-iarratas ar mhaoiniú a fuarthas faoin mbabhta seo ná an méid airgid atá ar fáil le leithdháileadh. Mar sin féin, toisc go bhfuil maoiniú bronnta le haghaidh 25 seánra clár thar theilifís agus raidió, táimid muiníneach go dtabharfaidh na tionscadail seo siamsaíocht agus eolas do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann.”

Rachaidh an BAI i mbun cainteanna maidir le conarthaí anois le hiarratasóirí rathúla. Tá liosta iomlán de na tionscadail a bhfuil maoiniú á thairiscint dóibh ar fáil le híoslódáil anseo.

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-3239496.

The post Leithdháileann an BAI beagnach €5.8m ar 120 tionscadal faoin Scéim Sound & Vision appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.


Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

0
0

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (26ú Deireadh Fómhair 2017).

Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Deireadh Fómhair 2016 – Meán Fómhair 2017.

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla).

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig  IpsosMRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

The post Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Athoscailt Dreasachta Forbartha do Thionscadail Chlosamhairc fógartha ag CMF agus BAI

0
0

Baile Átha Cliath / Vancouver – D’fhógair Údarás Craolachán na hÉireann (BAI) agus Canada Media Fund (CMF) athoscailt a ndreasachta maoinithe um thionscadail chlosamhairc a fhorbairt inniu. Fógraíodh é a imeacht  le linn Mediacon in Vancouver, os comhair léiritheoirí Ceanadacha agus toscaireach Éireannach a raibh Jim Kelly, Ambasadóir Phoblacht na hÉireann chun Ceanada ina cheannaire uirthi.

Tá treoirlínte an chláir, cáipéisí iarratais agus spriocdhátaí d’aighneachtaí ar fáil ar láithreán gréasáin BAI. Is é an 11 Eanáir an spriocdháta d’iarratais.

Tá sé i gceist ag an dá eagraíocht bheith ina gcomhpháirtithe ar feadh trí bliana chun tionscadail chomhfhorbartha idir léiritheoirí i gCeanada agus in Éirinn a mhaoiniú. Is é €140,000 méid iomlán an mhaoinithe atá ar fáil faoin dreasacht i mbliana. Is é €35,000 uasmhéid an mhaoinaithe do gach tionscadal atá maoinithe faoin dreasacht.

Tá sé i gceist ag an dreasacht maoiniú a thabhairt do thionscadail teilifíse agus míreanna meán digiteach curtha lena leithéid de thionscadail, a chomhlíonann treoirlínte CMF agus cuspóirí agus téamaí Scéim Fuaime agus Físe BAI. Déanfaidh coiste roghnaithe ar a mbeidh ionadaithe ón dá eagraíocht mhaoinithe  na tionscadail a mheas agus iad a roghnú.

Den chéad atriall den chlár 2016-2017 chuir BAI agus CMF €129,000 ar fáil chun comhfhorbairt na gceithre thionscadail a mhaoiniú.

Comhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú

Tugtar cuireadh do léiritheoirí a bhfuil suim acu i gcomhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú cuntas a gcuideachta a phostáil ar láithreán gréasáin CMF trí gliogáil anseo. Beidh rochtain ar na cuntais ag cách, comhpháirtithe féideartha san áireamh.

Maidir le Ciste na Meán Cheanada/Canada Media Fund

Déanann  Canada Media Fund (CMF) léiriú ábhar Ceanadach do gach léibheann meán closamhairc a chothú, é a fhorbairt, é a mhaoiniú agus é a chur chun cinn. Treoraíonn CMF ábhar Ceanadach i dtreo timpeallacht domhanda iomaíoch trí nuálaíocht tionsclaíoch a chothú, trí rath a chúiteamh, trí éagsúlachta gutha a chumasú agus trí rochtain ar ábhar trí comhpháirtíochtaí ón earnáil poiblí agus príobháideach a chur chun cinn. Faigheann CMF maoiniú ó Rialtas Cheanada, ó dháileoirí cábla, satailíte agus IPTV Cheanada. Le do thoil, tabhair cuairt ar cmf-fmc.ca.

Maidir le BAI

Is é BAI rialóir craolacháin na hÉireann. Tá príomhról aige freisin earnáil chraolacháin na hÉireanna a fhorbairt agus í a thacú. Faoi láthaoir tá raon tacaíochtai maoinithe agus tionscnamh ar bun aige, lena gcomhlíonann BAI an ról seo. Tá foráil faoi Alt 5.6 den Scéim Maoinithe Craolacháin do Bheartais Choimhdeacha Fuaime agus Físe ar nós an chiste thuas luaite. Déantar na beartais seo a chumadh agus iad a chur i bhfeidhm mar thacaíocht chun cuspóirí na scéime a bhaint amach.

The post Athoscailt Dreasachta Forbartha do Thionscadail Chlosamhairc fógartha ag CMF agus BAI appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Fógra folúntas i mBord an BAI ar Stateboards.ie

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

0
0

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (28 Samhain).

Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar 10 ghearáin ar an 12 Iúil agus 13 Meán Fómhair. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar WLR FM, RTÉ 1 TV, RTÉ 2 TV, TV3 agus Newstalk 106-108FM.

Díobh sin, seasadh i bpáirt le ghearán amháin a bhain leis na craoltaí seo a leanas:-

  • WLR FM: Déise Today: 1 Aibreán 2017

Dhiúltaigh an Fóram Gearán Feidhmiúcháin do 23 ghearáin tar éis dó iad a bhreithniú.

Tá sonraí faoi na cinntí sin go léir ar fáil lena n-íoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Ceisteanna ó na Meáin le cur ar: Tony Heffernan / Joanne Ahern, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-2399508/ 087-9881837

Nóta d’Eagarthóirí

Faoin Acht Craolacháin 2009, is féidir le breathnóirí agus le héisteoirí gearán a dhéanamh faoi lánas craolacháin a mheasann siad nach bhfuil ag teacht le cóid chraolacháin agus rialacha craolacháin an BAI. Ar aon dul le próiseas láimhseála gearán an BAI, ba cheart don bhreathnóir nó don éisteoir a ghearán a chur faoi bhráid an chraoltóra ar an gcéad dul síos. Ní mór é sin a bheith déanta laistigh de 30 lá ó dháta an chraolta.

Mura bhfuil breathnóir nó éisteoir sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcraoltóir nó murar thug an craoltóir freagra laistigh den tréimhse a shonraítear ina gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán (21 lá tar éis an gearán a fháil de ghnáth), féadfaidh an breathnóir nó an t-éisteoir an gearán a tharchur chuig an BAI lena bhreithniú.

Agus gearáin á measúnú aige, agus ag tabhairt aird ar a chuid cód agus rialacha, breithníonn an BAI an bunábhar a chuireann na páirtithe ábhartha isteach agus an bunábhar craolacháin. Is ag leibhéal an Choiste Feidhmiúcháin a mheasúnaítear gearáin nó is é an Coiste um Chomhlíonadh san Údarás a mheasúnaíonn iad.

Tar éis breithniú a bheith déanta ar ghearán:

  • Seoltar cóip den chinneadh chuig an ngearánach agus chuig an gcraoltóir sula bhfoilsítear é.
  • Sa chás go seastar, go hiomlán nó i bpáirt, le gearán, craolfaidh an craoltóir lena mbaineann cinneadh an Choiste um Chomhlíonadh, má mheasann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé cuí déanamh amhlaidh. D’fhéadfadh ainm an duine a rinne an gearán a bheith ar áireamh anseo. Déanfar é sin ag am atá gar don chraoladh bunaidh a ndearnadh an gearán ina leith. Is é an t-aon eisceacht air sin ná cásanna ina measann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé míchuí an cinneadh a chraoladh.
  • Sa chás go meastar gearán a bheith réitithe, tá an Coiste um Chomhlíonadh sásta gur déileáladh leis an ábhar agus nach bhfuil aon bheart breise ag teastáil.
  • Dáiltear cinntí an BAI ar na meáin agus postáiltear iad ar shuíomh Gréasáin an BAI, mura measann sé go bhfuil sé míchuí déanamh amhlaidh.
  • Tagann an próiseas chun deiridh tar éis don BAI an t-ábhar a bhreithniú agus a chinneadh a eisiúint.
  • Baineann cinntí leis an gceisteanna ar chloígh nó nár chlóigh an clár nó an fógra leis na riachtanais ábhartha agus na cóid agus na rialacha chraoltóireachta. Ní hionann na cinntí agus faomhadh nó tacaíocht a thabhairt  do dhearcthaí  aon pháirtí lena bhain an gearán agus ní thógann siad gach gné den ghearán a dhéantar san áireamh.
  • Tá cinntí is déanaí atá foilsithe i dtaca le chláir a chraoladh I 2013 agust 2014. Bhí na gearáin seo faoi réir comhfhreagrais chuimsitheach idir an gearánach agus an BAI sula mbreithnigh an Coiste um Chomlíonadh ar an ghearán i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

The post Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Scéim Urraíochta 2018 an BAI

0
0

D’fhógair an BAI inniu (Dé Déardaoin, an 30ú Samhain) sonraí faoina Scéim Urraíochta don bhliain 2018.

Soláthraíonn an Scéim bhliantúil seo tacaíocht airgeadais agus/nó chomhchineáil do réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hobair an BAI.  Is é príomhchuspóir an Scéim feasacht a ardú agus cur le spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha an BAI a bhaint amach.

Tugtar go dtí 12.00 Dé Déardaoin, an 4ú Eanáir 2018 d’iarratasóirí ar spéis leo iarratas a sheoladh ar aghaidh.  Is féidir teacht ar bhreis sonraí faoin Scéim san Fhoirm Iarratais atá ar fáil ar láithreán gréasáin an BAI anseo.

The post Scéim Urraíochta 2018 an BAI appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Gairm ar thairiscintí: le haghaidh tuarascála ar úinéireacht agus smacht gnó na meáin sa Stát.

0
0

Faoi láthair tá an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg tairiscintí do hullmhuchán le haghaidh tuarascála ar úinéireacht agus smacht gnó na meáin sa Stát.

Tá Tairiscintí á lorg do gach conradh curtha ar Etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Déardaoin an 25ú Eanáir 2018 ag 12 meán lae.

The post Gairm ar thairiscintí: le haghaidh tuarascála ar úinéireacht agus smacht gnó na meáin sa Stát. appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Uaireanta Oifige an BAI thar thréimhse Nollag agus na Bliana Nua

0
0

Oibreoidh an BAI na huaireanta oifige seo a leanas thar thréimhse na Nollag / na Bliana Nua:

Dé hAoine 22 Nollaig: 9:00 a.m. – 4:00 i.n.
Dé Luain 25 Nollaig: Oifig Dúnta
Dé Máirt 26 Nollaig: Oifig Dúnta
Dé Céadaoin 27 Nollaig: 9:00 a.m. – 4:00 i.n.
Déardaoin 28 Nollaig: 9:00 a.m. – 4:00 i.n.
Dé hAoine 29 Nollaig: 9:00 a.m. – 4:00 i.n.
Dé Luain 1 Eanáir: Oifig Dúnta
Dé Máirt 2 Eanáir: 9:00 a.m. – 5:30 i.n.

The post Uaireanta Oifige an BAI thar thréimhse Nollag agus na Bliana Nua appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.


Gairm ar thairiscintí: le haghaidh bunaithe ar chreat seirbhísí sainchomhairleachta don BAI.

0
0

Faoi láthair tá an tÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ag lorg tairiscintí do hullmhuchán le haghaidh bunaithe ar chreat seirbhísí sainchomhairleachta don BAI.

Tá Tairiscintí á lorg do gach conradh curtha ar Etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná Déardaoin an 7ú Feabhra 2018 ag 12 meán lae.

The post Gairm ar thairiscintí: le haghaidh bunaithe ar chreat seirbhísí sainchomhairleachta don BAI. appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Treoracha nua d’Aighneachtaí agus Foirmeacha Iarratais do sheirbhísí craolacháin fuaime sealadacha

0
0

D’fhoilsigh an BAI na Treoracha nua seo a leanas inniu (29 Eanáir 2018) maidir le hAighneachtaí agus Foirmeacha Iarratais le haghaidh na seirbhísí craolacháin fuaime sealadacha:

  • Treoir maidir hAighneachtaí chun Seirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha a sholáthar agus an Fhoirm Iarratais ghaolmhar
  • Treoir maidir le Seirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha Pobail a sholáthar agus an Fhoirm Iarratais ghaolmhar

Forbraíodh na treoracha agus na foirmeacha iarratais ar leithligh mar léiriú ar na cineálacha difriúla seirbhísí raidió sealadacha a d’fhéadfaí a cheadúnú sa bhreis ar Alt 68(1) den Acht Craolacháin 2009 (“an tAcht”); Seirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha, agus Treoirsheirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha Pobail.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na seirbhísí sin leagtha amach thíos:

Seirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha

  • Baineann an chéad Treoir agus Foirm Iarratais le hiarratasóirí atá ag déanamh iarratas chun seirbhís raidió sealadach a oibriú ar feadh 30 lá ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí. Is féidir le hiarratasóirí don chineál seo seirbhíse raidió sealadach iarratas a dhéanamh ar raon cúiseanna, lena n-áirítear seirbhísí scoile agus ollscoile ar mian leo taithí luachmhar craolacháin a thabhairt dá scoláirí, nó imeachtaí mar scannáin tiomáin isteach, féilte áitiúla agus tionscnaimh shóisialta nó chultúrtha.

Treoirsheirbhísí Craolacháin Fuaime Sealadacha Pobail

  • Baineann an dara Treoir agus Foirm Iarratais le hiarratasóirí atá ag déanamh iarratas ar threoirsheirbhís raidió sealadach pobail a oibriú. Éascaíonn an cineál seo seirbhíse raidió pobail shealadaigh grúpaí raidió pobail atá ag teacht chun cinn. Forbraíodh an treoir agus an fhoirm chun cuidiú le hiarratasóirí ar threoirthionscadail pobail lena dtuiscint ar ionchais agus ceanglais craoltóirí raidió pobail a bheadh ag iarraidh ceadúnas a fháil faoi Alt 64 den Acht, agus Beartas an BAI maidir le Craolachán Raidió Pobail.
  • Déanann iarratasóirí rathúla conradh craolacháin fuaime sealadach ar bhonn treoirthionscadal pobail. Cuireann sé sin ar chumas grúpaí treoirthionscadail taithí luachmhar a fháil maidir le stáisiún pobail a rith, agus sásraí a fhorbairt lena chinntiú go n-oibrítear a seirbhís de réir fhorálacha Alt 64 den Acht agus Beartas an BAI maidir le Craolachán Raidió Pobail. Tugtar an deis d’iarratasóirí pobail treoirthionscadail craoladh ar feadh suas le 100 lá ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí. Mar sin féin, chuirfeadh an BAI béim air gur féidir le hIarratasóirí craoladh ar feadh níos lú ná 100 lá tráth a bhféadfaidís a bheith ag smaoineamh ar chraolachán ar feadh tréimhse níos giorra ag tosú amach dóibh.

Ní mór d’iarratasóirí dul chuig an treoir chuí, agus an fhoirm iarratais chuí a úsáid don chineál seirbhíse is mian leo a oibriú. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas ceadúnaithe sealadach ar shuíomh gréasáin an BAI anseo.

The post Treoracha nua d’Aighneachtaí agus Foirmeacha Iarratais do sheirbhísí craolacháin fuaime sealadacha appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Athbhreithniú um Údarás Craolacháin na hÉireann 2017

0
0

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) a ghrafaic faisnéise 2017 inniu (31 Eanáir), a léiríonn cuid mhór dá ghníomhaíocht i rith na bliana.

Cosúil le leagan amach Ráiteas Straitéise an BAI 2017-2019, déanann an ghrafaic faisnéise cur síos ar obair an Údaráis i rith na bliana faoi na cúig ábhar straitéise seo: Éagsúlacht agus Iolracht a chur chun cinn; Cumarsáid agus Tionchar; Ag tabhairt cumhacht don lucht féachana agus an lucht éisteachta; Ag feabhsú Nuálaíochta agus Inbhuanaitheachta Earnála; agus Sármhaitheas agus Freagracht a bhaint amach.

I 2017:

  • Thairg an BAI €11.27m maoiniú do 239 stáisiún raidió agus tionscadal teilifíse faoin Scéim Fuaime agus Físe.
  • Tugadh ceadúnas do 25 conradh sealadach raidió
  • Éisíodh níos mó ná 350 postáil meáin shóisialta ag tabhairt tacaíochta d’earnáil craolacháin na hÉireann
  • Reáchtáladh imeachtaí chun tacaíocht a thabhairt do sheoladh Ráiteas Straitéise BAI 2017-2019, an Cód Ginearálta Cumarsáide Tráchtála, agus an chuid atá maoinithe ag BAI den Tuairisc Nuachta Digiteach um Institiúid Reuters
  • Tugadh tacaíocht do líon cláir agus scannáin maoinithe ag Fuaim agus Fís, ina measc The Breadwinner; Between Land and Sea; Meetings with Ivor; Poc na nGael agus Cardboard Gangsters.
  • Fuarthas 109 gearán bailí maidir le clársceidealú agus le fógraíocht craolta ar theilifís agus ar raidió Éireann.
  • Dáileadh €495,000 do thionscnaimh oiliúna agus forbartha, chomh maith le beagnach €143,000 urraíochta d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí.
  • Fuarthas 29 iarratas um Shaoráil Faisnéise.

Dúirt Michael O’Keefe, príomhfheidhmeannach BAI: Is é ról an BAI ní amháin an earnáil craolacháin in Éirinn a rialú, ach a chinntiú go léiríonn sé agus go múnlaíonn sé Éire an lae inniu. I 2017 dáileadh níos mó ná €11m den táille ón gceadúnas teilifíse de sholáthar clár raidió agus teilifíse den scoth ar chultúr na hÉireann, ar oidhreacht agus ar thaithí, agus ar litearthacht na meán agus clársceidealú trí mheán na Gaeilge a fheabhsú.  Dáileadh beagnach €500,000 do thionscnaimh oiliúna agus forbartha mar Women on Air, Learning Waves, and the Community Television Association.  Tugadh urraíocht d’imeachtaí mar All-Ireland Radio Awards, Choice Music Prize agus National Student Media Awards.

“Tá roinnt mórgníomhaíochtaí beartaithe againn do 2018, ina measc seoladh treoirlínte reifrinn agus comhairliúchán poiblí ar an Straitéis um Chraoltóireacht Phoiblí agus polasaí úinéireachta agus ceannais an BAI, agus tá muid ag súil le bheith ag obair le páirtithe leasmhara san earnáil agus le  lucht féachana agus lucht éisteachta sa bhliain atá amach romhainn’.

Is féidir cóip den ghrafaic faisnéise a fháil anseo.

Déan teagmháil le: Joanne Ahern / Sebastian Enke DHR Communications, Fón 01-4200580 /087-9881837 / 087-3239496.

The post Athbhreithniú um Údarás Craolacháin na hÉireann 2017 appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

0
0

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (6 Feabhra).

Bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar 11 ghearáin ar an 18 Deireadh Fómhair, 15 Samhain agus 13 Nollaig 2017. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar RTÉ One TV, RTÉ Raidió 1, RTÉ 2FM agus Newstalk 106-108FM.

Díobh sin, seasadh/seasadh i bpáirt le cúig ghearáin a bhain leis na craoltaí seo a leanas:-

  • RTÉ One TV: Eco Eye: 7 Feabhra 2017
  • Newstalk: Newstalk Breakfast: 27 Iúil 2017
  • RTÉ Raidió 1: Morning Ireland: 31 Iúil 2017
  • Newstalk: High Noon: 8 Meán Fomhair 2017

Cheap an Coiste um Chomhlíonadh gur ceart é dul gan dhá ghearáin a fhoilsiú. Bhain na ceithre ghearáin eile a diúltaíodh leis na craoltaí a leanas:

  • RTÉ 2FM: Game On: 3 Feabhra 2017
  • RTÉ One TV: Ireland’s Property Crisis: 3 agus 10 Aibrean 2017
  • RTÉ One TV: The Late Late Show: 6 Meitheamh 2017
  • Newstalk: Fógra do MSL Motor Group: Lúnasa 2017

Dhiúltaigh an Fóram Gearán Feidhmiúcháin do 22 ghearáin tar éis dó iad a bhreithniú.

Tá sonraí faoi na cinntí sin go léir ar fáil lena n-íoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Déan teagmháil le: Joanne Ahern, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-9881837

Nóta d’Eagarthóirí

Faoin Acht Craolacháin 2009, is féidir le breathnóirí agus le héisteoirí gearán a dhéanamh faoi lánas craolacháin a mheasann siad nach bhfuil ag teacht le cóid chraolacháin agus rialacha craolacháin an BAI. Ar aon dul le próiseas láimhseála gearán an BAI, ba cheart don bhreathnóir nó don éisteoir a ghearán a chur faoi bhráid an chraoltóra ar an gcéad dul síos. Ní mór é sin a bheith déanta laistigh de 30 lá ó dháta an chraolta.

Mura bhfuil breathnóir nó éisteoir sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcraoltóir nó murar thug an craoltóir freagra laistigh den tréimhse a shonraítear ina gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán (21 lá tar éis an gearán a fháil de ghnáth), féadfaidh an breathnóir nó an t-éisteoir an gearán a tharchur chuig an BAI lena bhreithniú.

Agus gearáin á measúnú aige, agus ag tabhairt aird ar a chuid cód agus rialacha, breithníonn an BAI an bunábhar a chuireann na páirtithe ábhartha isteach agus an bunábhar craolacháin. Is ag leibhéal an Choiste Feidhmiúcháin a mheasúnaítear gearáin nó is é an Coiste um Chomhlíonadh san Údarás a mheasúnaíonn iad.

Tar éis breithniú a bheith déanta ar ghearán:

  • Seoltar cóip den chinneadh chuig an ngearánach agus chuig an gcraoltóir sula bhfoilsítear é.
  • Sa chás go seastar, go hiomlán nó i bpáirt, le gearán, craolfaidh an craoltóir lena mbaineann cinneadh an Choiste um Chomhlíonadh, má mheasann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé cuí déanamh amhlaidh. D’fhéadfadh ainm an duine a rinne an gearán a bheith ar áireamh anseo. Déanfar é sin ag am atá gar don chraoladh bunaidh a ndearnadh an gearán ina leith. Is é an t-aon eisceacht air sin ná cásanna ina measann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé míchuí an cinneadh a chraoladh.
  • Sa chás go meastar gearán a bheith réitithe, tá an Coiste um Chomhlíonadh sásta gur déileáladh leis an ábhar agus nach bhfuil aon bheart breise ag teastáil.
  • Dáiltear cinntí an BAI ar na meáin agus postáiltear iad ar shuíomh Gréasáin an BAI, mura measann sé go bhfuil sé míchuí déanamh amhlaidh.
  • Tagann an próiseas chun deiridh tar éis don BAI an t-ábhar a bhreithniú agus a chinneadh a eisiúint.
  • Baineann cinntí leis an gceisteanna ar chloígh nó nár chlóigh an clár nó an fógra leis na riachtanais ábhartha agus na cóid agus na rialacha chraoltóireachta. Ní hionann na cinntí agus faomhadh nó tacaíocht a thabhairt  do dhearcthaí  aon pháirtí lena bhain an gearán agus ní thógann siad gach gné den ghearán a dhéantar san áireamh.

The post Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Fógraíonn an BAI maoiniú €611,000 trí Fhoghlaim agus Forbairt Earnála agus trí chláir Urraíochta

0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) sonraí inniu (07.02.18) maidir lena leithdháileadh maoinithe le haghaidh 2018 faoina thionscnaimh um Fhoghlaim agus Forbairt Earnála agus maoiniú Urraíochta.

Cheadaigh an BAI maoiniú €610,800 chun tacaíocht a thabhairt do raon tionscnamh, agus tá tuilleadh sonraí i dtaca leis na tionscnaimh sin le fáil thíos.

Foghlaim agus Forbairt Earnála

Le haghaidh 2018, tá €467,800 le roinnt amach ag an BAI dá thionscnamh foghlama agus forbartha earnála. Tabharfar amach €355,300 ar an iomlán do 16 eagraíocht thionscail agus ionadaíocha faoin tsnáithe maoiniú líonra den chlár. I measc na ngrúpaí rathúla bhí CRAOL (an comhlacht ionadaíoch do raidió pobail); Learning Waves (an eagraíocht oiliúna le haghaidh craoltóirí raidió tráchtála); Women on Air; an Cumann Teilifíse Pobail; Aerthonnta agus Cuallacht Scríbhneoirí na hÉireann.

I measc na dtionscnamh eile um fhoghlaim agus forbairt earnála le haghaidh 2018 beidh an Scéim Tacaíochta Craolacháin Pobail; Scéim Maoinithe Taighde na Meán; tionscnaimh inscne agus scéimeanna nuálaíochta.

Scéim Urraíochta

Tá maoiniú €143,000 molta le haghaidh 20 imeacht agus gníomhaíocht faoi Scéim Urraíochta an BAI amach as 35 iarratas ar an iomlán. I measc na ndreamanna nua a gheobhaidh maoiniú in 2018 beidh access>CINEMA; Harp Productions: Gradaim Meán an Oireachtais agus an Cruinniú Mullaigh ar Mhná sa Tionscal Scannán Idirnáisiúnta.

Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Trínár gclár foghlama agus forbartha earnála, tá comhaontais nuálacha agus straitéiseacha cruthaithe againn agus cultúr foghlama agus forbartha curtha chun cinn againn san earnáil chraolacháin. Ag teacht le cuspóirí straitéiseacha an BAI, cuidíonn gach dámhachtain maoinithe a fógraíodh inniu chun próifíl an Údaráis a fheabhsú agus chun feasacht a ardú maidir lena bhfuilimid ag iarraidh a bhaint amach faoinár Ráiteas Straitéise 2017-2019.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

CRÍOCH

DÉAN TEAGMHÁIL LE: Joanne Ahern / Tony Heffernan, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-2399508

Liosta de na Dreamanna a fuair Maoiniú i gcomhair Foghlaim agus Forbairt Earnála

Maoiniú Líonra

Animation Skillnet and Animation Ireland

Aerthonnta

Community Television Association (CTA)

CRAOL

Creative Europe Desk Ireland – Media Office

Creative Europe Desk Ireland – Media Office Galway

Galway Film Centre

Irish Hospital Radio Network (IHRN)

Learning Waves

Screen Directors Guild of Ireland (SDGI)

Screen Producers Ireland (SPI)

Women in Film and Television

Women on Air

Writers’ Guild of Ireland (WGI)

Gníomhaíochtaí Foghlama agus Forbartha Eile

Scéim Tacaíochta do Chraoltóireacht Phobail

Scéim Maoinithe um Thaighde na Meán

Tionscnaimh Inscne

Scéim Nuálaíochta: Big Stories on the Small Screen (Mórscéalta ar an Scáileán Beag)

Scéim Nuálaíochta: Scéim Oiliúna um Léiriú Teilifíse (Gréasán na Meán)

Scéim Tacaíochta do Sheirbhísí Sealadacha Raidió

Tacaíocht do Sheirbhísí Craolacháin Pobail

Liosta de na Dreamanna a fuair Maoiniú Urraíochta

access>CINEMA

Animation Dingle Film Festival

Audi Dublin International Film Festival (ADIFF)

Celtic Media Festival

Choice Music Prize

Cleraun Media Conference

Fingal Film Festival

Fresh Film Festival

Galway Film Centre

Galway Film Fair at the Galway Film Fleadh

Guth Gafa International Documentary Film Festival

Harp Productions

Hearsay International Audio Festival

IMRO Radio Awards

Oireachtas Media Awards

The Radharc Awards

Seachtain na Gaeilge

Summit on Women in the International Film Industry

The National Student Media Awards

Tinpot Productions Transmission

The post Fógraíonn an BAI maoiniú €611,000 trí Fhoghlaim agus Forbairt Earnála agus trí chláir Urraíochta appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Viewing all 204 articles
Browse latest View live




Latest Images