Quantcast
Channel: Údarás Craolacháin na hÉirean
Viewing all 204 articles
Browse latest View live

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

$
0
0

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (08.02.18).

Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Eanáir – Nollaig 2017.

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IpsosMRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

The post Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.


Aimsire Stádas Dearg – Oifig an BAI dúnta

Folúntas HEO sa BAI: Conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí)

$
0
0

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratais ar folúntas láithreach ar léibhéal Bainisteora (HEO) conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí).

Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn.

Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Dé Máirt 20ú Márta 2018. Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach go déanach.

The post Folúntas HEO sa BAI: Conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí) appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Folúntas EO sa BAI: Oifigeach Feidhmiúcháin airgeadais buan

$
0
0

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratais ar folúntas láithreach na nOifigeach Feidhmiúcháin d’oifigeach feidhmiúcháin airgeadais buan.

Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn.

Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Déardaoin 29ú Márta 2018. Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach go déanach.

The post Folúntas EO sa BAI: Oifigeach Feidhmiúcháin airgeadais buan appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann treoirlínte nuashonraithe i dtaca le reifrinn a chlúdach

$
0
0

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) treoirlínte nuashonraithe inniu (13.03.18) i dtaca le reifrinn a chlúdach.  Foilsítear na treoirlínte seo roimh an reifreann atá beartaithe i dtaca leis an 36ú leasú ar an mBunreacht agus reifrinn eile a reáchtálfar i dtaca le leasuithe ar an mbunreacht agus athchóirithe bunreachtúla sna blianta amach romhainn.

Forbraíodh na treoirlínte i dtaca leis na forálacha a dhéantar i gCód Údarás Craolacháin na hÉireann um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht sa Nuacht agus i gCúrsaí Reatha agus tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí faoin gcaoi is féidir a bheith cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta sa chlúdach a dhéanfar ar na feachtais reifrinn a tharlóidh amach anseo.

I measc na n-ábhar a chlúdaítear sna treoirlínte nuashonraithe, pléitear na slí éagsúla chun cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach, coinbhleachtaí leasa; agus clúdach ar phobalbhreitheanna.  Áirítear ar na ceisteanna eile a phléitear sna treoirlínte ná ionchuir ar an aer trí na meáin shóisialta agus an cosc atá ar láithreoirí an lucht féachana nó an lucht éisteachta a spreagadh vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh toradh áirithe sa reifreann, agus an dualgas chun fógraí déanta thar ceann Choimisiúin na Reifrinn  a craoladh.

Anuas air sin, moltar do chraoltóirí sna treoirlínte go mba chóir go mbeadh guthanna agus tuairimí éagsúla mar chuid den chlúdach a dhéantar lena n-áirítear guthanna éagsúla ó thaobh inscne agus éagsúlacht chultúrtha de. Mar a bhí i gceist le treoirlínte eile roimhe seo, beidh moratóir iomlán ar an gclúdach ó 2pm ar an lá sula ndéanfar an vótáil agus ní chuirfear deireadh leis arís go ndúnfar na hionaid vótála ar lá na ballóide.

Cuirfear na treoirlínte seo chun feidhme ar an dáta éifeachtach maidir leis an reifreann atá beartaithe i dtaobh an 36ú leasú ar an mBunreacht. D’fhonn na treoirlínte a chur chun cinn, reáchtálfar seisiúin eolais agus ceardlanna do chraoltóirí agus beidh seoladh ríomhphoist saincheaptha in úsáid freisin.

Labhair Michael O’ Keeffe, príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann mar seo a leanas agus na treoirlínte á seoladh: “Cuirtear béim mhór leis na treoirlínte a foilsíodh inniu ar an gcaoi is féidir a bheith cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta agus ar an gcaoi a bhfuil níos mó ná am craolta do na grúpaí feachtais éagsúla i gceist agus nach gá go mbeadh cothroime shaorga ann.

“Leagtar béim air leis na treoirlínte freisin go ndéanfaí freastal ní b’fhearr ar an bpobal mura mbeadh sáraíocht i gceist leis an gclúdach ach go leagfaí béim leis an gclúdach ar na ceisteanna a bhaineann leis an reifreann. Cuirtear leis an gcur chuige a úsáideadh i dtaca leis an gclúdach a rinneadh ar an reifreann faoin gcomhionannas pósta in 2015 leis na treoirlínte seo.”

CRÍOCH

Teagmháil: Tony Heffernan / Sebastian Enke, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-2399508 / 087-3239496

 Nóta d’eagarthóirí

  • Is féidir leagan Béarla de na Treoirlínte i dtaca le reifrinn a chlúdach a íoslódáil anseo.
  • Is féidir leagan Gaeilge de na Treoirlínte i dtaca le reifrinn a chlúdach a íoslódáil anseo.
  • Is féidir Cód Údarás Craolacháin na hÉireann um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht a íoslódáil anseo.
  • Is féidir Nótaí míniúcháin i dtaca le Cód Údarás Craolacháin na hÉireann um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht a íoslódáil anseo.

The post Foilsíonn Údarás Craolacháin na hÉireann treoirlínte nuashonraithe i dtaca le reifrinn a chlúdach appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Faigheann tionscadail Cheanada-Éireann maoiniú os cionn €143,000

$
0
0

Baile Átha Cliath / Toronto, 15 Márta 2018 – D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus an Canada Media Fund (CMF) inniu (16.03.18) infheistíocht os cionn €143,000 le tacú le comhfhorbairt ábhar closamhairc faoi Dhreasacht Comhfhorbartha Cheanada-Éireann do Thionscadail Chlosamhairc.

Oibreoidh cúig chuideachta léirithe Éireannacha le cúig chuideachta as Ceanada chun na tionscadail seo a leanas a fhorbairt.

 

TEIDEAL AN TIONSCADAIL CUIDEACHTAÍ CISTÍ CMF (EUR MEASTA) CISTÍ BAI (EUR)  IOMLÁN (EUR MEASTA) 
Atlantic First Flight M3Tv Productions Ltd. (Éire) agus Wreckhouse Productions Inc. (Ceanada)  
€15,933
 
€14,500
 

€30,433

Grosse Isle Tilted Pictures Ltd. (Éire) agus Sienna Films Inc. (Ceanada)  €15,817  
€15,000
 

€30,817

Here (For Now) Tile Media Ltd. (Éire) agus Picosphere Inc. (Ceanada)  
€11,491
 
€13,000
 

€24,491

Tara and the Humanimals Shinawil Ltd. (Éire) agus CCI Productions Inc. (Ceanada)  
€7,519
 
€19,500
 

€27,019

White Privilege Underground Films. (Éire) agus Rezolution Pictures International Inc. (Ceanada)  
€17,849
 
€13,000
 

€30,849

 

Maidir leis na tionscadail roghnaithe, is scannáin faisnéise iad péire díobh, is do leanaí agus daoine óga péire eile agus is sraith drámaíochta péire eile.

Le bheith incháilithe don mhaoiniú, chaithfeadh sé bheith i gceist na tionscadail roghnaithe a chraoladh le craoltóirí incháilithe in Éirinn agus i gCeanada, agus go mbeadh léiritheoir Éireannach amháin agus léiritheoir as Ceanada amháin ar a laghad i gceist. Déantar iarracht leis an dreasacht seo tionscadail teilifíse a mhaoiniú (agus síntí meán digiteach de thionscadail teilifíse dá leithéid), a chomhlíonann treoirlínte an CMF agus cuspóirí agus téamaí Scéim Fuaime agus Físe an BAI.  Rinne coiste roghnaithe ar a raibh ionadaithe ón dá eagraíocht mhaoinithe measúnú ar thionscadail agus roghnaigh siad iad.

Maidir leis an BAI

Is é an BAI an rialtóir craolta in Éirinn. Tá ról lárnach aige freisin i bhforbairt na hearnála craolacháin in Éirinn agus i dtacú léi. Tá raon tacaíochtaí agus tionscnaimh mhaoinithe i bhfeidhm faoi láthair trína gcomhlíonann an BAI an ról seo. Folaítear do Bhearta Coimhdeacha Fuaime agus Físe, cosúil leis an gciste a leagtar amach thuas, faoi Alt 5.6 den Scéim Mhaoinithe Chraolacháin. Ceapadh na bearta seo agus cuirtear i bhfeidhm iad d’fhonn tacú le cuspóirí na Scéime a bhaint amach.

Maidir le Canada Media Fund

Cothaíonn, ardaíonn, forbraíonn agus maoiníonn Canada Media Fund (CMF) léiriú ábhar as Ceanada agus iarratais ábhartha ar gach ardán meán closamhairc. Treoraíonn an CMF ábhar as Ceanada i dtreo timpeallacht iomaíoch dhomhanda trí nuálaíocht tionscail a chothú, luach saothair a thabhairt don rath, éagsúlacht guthanna a chumasú agus rochtain ar ábhar a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí tionscail agus earnála príobháidí. Chun tuilleadh a fhoghlaim, tabhair cuairt ar cmf-fmc.ca.

 

I gcomhair tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

BAI

David O’Donnell

DHR Communications

david@DHR.ie

01 4200580/086 1081139

 

CMF

André Ferreira

Bainisteoir Cumarsáide

aferreira@cmf-fmc.ca

416.214.4402

 

The post Faigheann tionscadail Cheanada-Éireann maoiniú os cionn €143,000 appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Dearbhaíonn an BAI go dtiocfaidh Treoirlínte Reifrinn maidir le clúdach 36ú Leasú ar an mBunreacht i bhfeidhm an Aoine 6 Aibreán seo chugainn.

$
0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) (04.04.18) inniu go dtiocfaidh na treoirlínte a bhaineann le clúdach an 36ú Leasú ar an mBunreacht atá le teacht, a bheidh ar siúl ar an Aoine 25 Bealtaine 2018, i bhfeidhm ón Aoine 6 Aibreán seo chugainn.

Forbraíodh na treoirlínte, a d’fhoilsigh an BAI i Márta 2018, i dtaca leis na forálacha a dhéantar i gCód Údarás Craolacháin na hÉireann um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht sa Nuacht agus i gCúrsaí Reatha agus tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí faoin gcaoi is féidir a bheith cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta sa chlúdach a dhéanfar ar na feachtais reifrinn a tharlóidh amach anseo.

Beidh feidhm ag na treoirlínte maidir le clúdach go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta ar an 25 Bealtaine 2018.

CRÍOCH

Teagmháil: Sebastian Enke / Tony Heffernan, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-3239496 / 087-2399508

Nóta d’eagarthóirí

  • Is féidir leagan Béarla de na Treoirlínte i dtaca le reifrinn a chlúdach a íoslódáil anseo.
  • Is féidir leagan Gaeilge de na Treoirlínte i dtaca le reifrinn a chlúdach a íoslódáil anseo.
  • Is féidir Cód Údarás Craolacháin na hÉireann um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht a íoslódáil anseo.
  • Is féidir Nótaí míniúcháin i dtaca le Cód Údarás Craolacháin na hÉireann um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht a íoslódáil anseo

The post Dearbhaíonn an BAI go dtiocfaidh Treoirlínte Reifrinn maidir le clúdach 36ú Leasú ar an mBunreacht i bhfeidhm an Aoine 6 Aibreán seo chugainn. appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Folúntas EO sa BAI: Conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí)

$
0
0

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratas ar folúntas láithreach ar léibhéal Oifigeach Feidhmiucháin maidir le conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí).

Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn agus is féidir cliceáil anseo i gcomhair na sonraí.

Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Dé hAoine 27 Aibreán 2018. Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach go déanach.

 

The post Folúntas EO sa BAI: Conradh sealadach ar théarma seasta (12 Mhí) appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.


Folúntas CO sa BAI: Conradh buan

$
0
0

Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag lorg iarratas ar folúntas láithreach ar léibhéal Oifigeach Cléireachais maidir le conradh buan.

Tugtar achoimre anseo ar shonraí an phoist lena n-áirítear na scileanna agus an taithí a theastaíonn agus is féidir cliceáil anseo i gcomhair na sonraí.

Ba cheart do pháirtí leasmhar ar bith a gCuraclam Vitae (CV) a thaisceadh trí ríomhphost chuig reception@bai.ie faoi mheán lae Dé hAoine 27 Aibreán 2018. Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach go déanach.

The post Folúntas CO sa BAI: Conradh buan appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Níos mó ná €5.9m leithdháilte ar 126 tionscnamh faoi Scéim Fuaime agus Físe

$
0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (10.04.18) sonraí na ngradam maoinithe is déanaí faoi Scéim Maoinithe Craolacháin Fhuaim agus Fís 3. Tar éis próiseas cuimsitheach measúnaithe, leithdháileadh maoiniú €5.991m ar 126 tionscnamh raidió agus teilifíse i mBabhta 30. Amach as sin, leithdháileadh maoiniú €5.368m ar 33 tionscnamh teilifíse agus leithdháileadh €622,000 ar 93 tionscnamh raidió sa bhabhta seo.

Fuarthas 231 iarratais sa bhabhta seo, a d’iarr maoiniú beagnach €17m san iomlán. Cé go bhfuil líon na n-iarratas agus an méid maoinithe a iarradh sa bhabhta seo laghdaithe beagán i gcomparáid leis an dá bhabhta deiridh, tá suim an-mhór sa Scéim fós. Tá an tsuim is mó fós i gcláir faisnéise de réir na n-iarratas ar mhaoiniú raidió agus teilifíse, agus bhí éagsúlacht mhaith craoltóirí i gceist a raibh baint acu le hiarratais tráchtála, phobail agus seirbhíse poiblí ar an teilifís agus raidió.

Seo a leanas cuid de na tionscnaimh shuntasacha a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh sa bhabhta seo:

  • Clár faisnéise fada, dar teideal “Limbo”, faoi scannal na naíonán i dTuaim, á chur in iúl trí dhearcadh an fheachtasóra Catherine Corless, le craoladh ar RTÉ Bealach a hAon.
  • Sraith sé chuid, dar teideal “Know Your Media”, le haghaidh Cork Community Television a bhfuil mar aidhm aige treoir a thabhairt do dhaoine óga ar na coincheapa éagsúla a bhaineann le bheith liteartha sna meáin.
  • An dara sraith den tsraith faisnéise rathúil do pháistí dar teideal “Lurgan2K18” ina bhfuil físeáin cheoil ó ‘TG Lurgan’, réalta mhór an idirlín, le craoladh ar TG4.
  • Clár faisnéise breathnaitheach trí chuid, dar teideal “You, Me and Surrogacy”, le haghaidh TV3 a thugann cuntas ceannasach agus ionraic faoi mháthair-ionadaíocht ó dhearcadh Éireannach agus idirnáisiúnta.
  • Clár faisnéise raidió uair an chloig le haghaidh Athlone Community Radio, dar teideal “One Day at a Time”, a leanann lá sa saol de bheirt bhan a bhfuil páistí acu a bhfuil siondróm Down ag gabháil dóibh.
  • Dráma ó Ocean FM, dar teideal “Janey Dillis”, a dhíríonn ar shaol Janey Dillis, a chaithfidh an chaoi a gcaitheann sí a saol a cheistiú.
  • Clár faisnéise, dar teideal “Science Gallery: 10 years of art-meets-science”, a dhéanann cur síos ar an spás a d’athraigh ár gcaidreamh le heolaíocht agus ealaín, le craoladh ar Newstalk.

Agus é ag labhairt faoi fhógra an mhaoinithe, dúirt Michael O’ Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: “Cabhraíonn na babhtaí maoinithe faoi scéim Fhuaim agus Físe 3 le hÚdarás Craolacháin na hÉireann a mhisean a chur i gcrích, is é sin ábhar ilghnéitheach agus ábhartha ó thaobh an chultúr de a chothú do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Is tacaíocht mhór é freisin chun téamaí straitéiseacha an Údaráis a chur i gcrích: An Éagsúlacht agus an Iolracht a chur chun cinn, an Nuálaíocht agus an Inbhuanaitheacht Earnálacha a Fheabhsú, agus Luchtanna Féachana/Éisteachta a Chumhachtú.

Táimid fíor-shásta a bheith in ann maoiniú a chur ar fáil don 126 tionscadal raidió agus teilifíse a fógraíodh inniu. Léiríonn an pacáiste tograí an éagsúlacht leathan clár atá á maoiniú faoin Scéim ar mhaithe le lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Cuimsítear cláir chomh héagsúil le drámaí teilifíse as Gaeilge, beochan do pháistí agus cláir faoi litearthacht aosach/sna meáin do lucht éisteachta raidió.”

Cuirfidh Údarás Craolacháin na hÉireann tús anois le hidirbheartaíocht conarthaí leis na hiarratasóirí ar éirigh leo. Tá liosta iomlán de na tionscadail ar fad ar tairgeadh maoiniú dóibh ar fáil lena íoslódáil anseo.

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-3239496

The post Níos mó ná €5.9m leithdháilte ar 126 tionscnamh faoi Scéim Fuaime agus Físe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúchán poiblí i dtaca leis an Straitéis athchóirithe um Sheirbhísí Craolacháin.

$
0
0

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) comhairliúchán poiblí inniu (24.04.18) i dtaca leis dréachtstraitéis athchóirithe um Sheirbhísí Craolacháin (BSS). Is é cuspóir an chomhairliúcháin fís an BAI don tírdhreach craolacháin a roinnt agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil ar an bhfís seo agus roghanna d’fhorbairt amach anseo. Chomh maith leis sin, tugtar deis don phobal moltaí a thabhairt don Straitéis dheiridh.

Mar chuid den phróiseas a bhain le hathchóiriú a dhéanamh ar an straitéis reatha, choimisiúnaigh an BAI tuarascáil ar struchtúir, dinimic agus forbairtí an mhargaidh i dtaobh mheáin na hÉireann. Rinne an cuideachta taighde Mediatique an tuarascáil agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin an BAI chun eolas a chur ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo moltaí a dhéanamh le linn an phróisis chomhairliúcháin. Úsáidfear freagraí a fuarthas ar an ngairm a rinne an BAI d’iarratais ó pháirtithe leasmhara chun seirbhísí nua craolacháin fuaime analógacha FM a sholáthar sa phróiseas freisin, gairm a rinneadh i mí an Mheithimh 2017.

Dúirt an tOllamh Pauric Travers, cathaoirleach an BAI an méid seo a leanas: “Cáipéis thábhachtach atá sa Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin sa mhéid is go gcuireann sé creat ar fáil chun ceadúnú agus gníomhaíochtaí lena mbaineann de chuid an BAI a cheapadh.  Is í sprioc bhunaidh na Straitéise a chinntiú go bhfuil réimse éagsúil seirbhísí craolacháin ann atá oscailte agus iolraíoch le freastal ar an lucht féachana agus éisteachta in Éirinn.  Lárnach d’fhís an BAI tá rogha agus éagsúlacht don lucht féachana agus éisteachta agus an t-ionchas go ndéanfar freastal ar gach lucht féachana/éisteachta.  Cuirfidh sé creat ar fáil do thírdhreach na meán in Éirinn a léiríonn agus a chruthaíonn cé muid féin.”

Rinneadh suirbhé ar thomhaltóirí mar chuid de thuarascáil Mediatique chun eolas a fháil ar roghanna, ar iompar agus ar dhearcadh an tomhaltóra mar a bhaineann leis an margadh craolacháin. Léiríodh sna torthaí go mbíonn tomhaltóirí meán i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí cé gurb iad an craoladh teilifíse agus an craoladh raidió an dá mheán is mó go fóill ó thaobh gníomhaíochta agus ama de.

Dúirt Michael O’ Keeffe, príomhfheidhmeannach an BAI an méid seo a leanas: “Bhí torthaí an tsuirbhé ríshuimiúil sa mhéid is gur leag siad ní ba mhó béime arís ar an gceist chasta a bhaineann leis an tomhaltas a dhéantar ar ábhar craolta in Éirinn. Mar sin féin, ba ábhar misnigh dúinn é gurb iad an teilifís agus an raidió na meáin is mó i measc na n-aoisghrúpaí ar fad go fóill. Bhí freagróirí sásta ar an iomlán leis an gcaoi a bhfeidhmíonn craoltóirí raidió agus teilifíse de chuid na hÉireann ach go bhféadfaí feabhas a chur ar an léiriú a dhéantar ar chultúr na hÉireann agus ar an éagsúlacht in Éirinn. Léiríodh freisin gur mhian leis an bpobal ábhar a rinneadh in Éirinn a fheiceáil. Tugadh aitheantas do na réimsí sin agus rinneadh gealltanas sa Ráiteas Straitéise 2017-2019 ina leith.

“Beidh deis ag an bpobal mór anois a dtuairimí maidir leis an Straitéis nua um Sheirbhísí Craolacháin a roinnt agus tá súil agam go dtapóidh na daoine sin a bhfuil tuairimí acu maidir leis an gceadúnú a dhéanfar ar sheirbhísí craolacháin in Éirinn amach anseo an deis agus go gcuirfidh siad moladh isteach mar bhonn eolais do chinneadh an Údaráis i dtaobh an doiciméid deiridh.”

Is é an spriocdháta do mholtaí mar fhreagra ar na ceisteanna a leagtar amach sa doiciméad comhairliúchán meán lae, Dé Máirt an 19 Meitheamh 2018.  Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin an BAI anseo, mar a bhfuil eolas ar na roghanna atá ann i dtaca le moltaí a dhéanamh freisin .

CRÍOCH

Teagmháil: Tony Heffernan / Sebastian Enke, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-2399508 / 087-3239496

Nóta d’eagarthóirí:

  • Faoi Alt 26 (1) (a) den Acht Craolacháin 2009, tá ceanglas ar an BAI straitéis a ullmhú i dtaca le seirbhísí craolacháin a sholáthar sa Stát, de bhreis ar na seirbhísí sin a sholáthraíonn RTÉ agus TG4. Foilsíodh an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin reatha in 2012 tar éis comhairliúchán poiblí a dhéanamh agus leagtar amach ann cur chuige beartaithe an BAI i leith ceadúnú seirbhísí breise, agus creat chun sin a dhéanamh. Tá athrú suntasach tagtha ar thimpeallacht na meán ó 2012 i leith. Anuas air sin, d’fhoilsigh an BAI ráiteas straitéise don tréimhse 2017-2019.  Príomhrud is féidir a bhaint amach sa Ráiteas nua is ea “Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin athbhreithnithe a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú ina leantar ag éascú beartas agus pleananna ceadúnaithe dinimice agus a thacaíonn le cruthaitheacht agus nuálaíocht san earnáil closamhairc Ghaeilge agus i ngníomhaíochtaí ar fad an BAI”.
  • Rinne Kantar Media an suirbhé ar thomhaltóirí i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus úsáideadh idir agallaimh ar líne agus ar an bhfón chun suirbhé a chur ar shampla de 1,515 duine fásta a bhí ina gcónaí in Éirinn. Rinneadh an suirbhé chun léargas a thabhairt ar phobal na hÉireann agus rinneadh an suirbhé a ualú ó thaobh aoise, inscne agus sciar margaidh na seirbhíse teilifíse.

The post Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúchán poiblí i dtaca leis an Straitéis athchóirithe um Sheirbhísí Craolacháin. appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

$
0
0

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (26.04.18).

Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Aibreán 2017 – Márta 2018.

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IpsosMRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

The post Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Iarratais á lorg i gcomhair Seirbhísí Raidió Pobail do Chlár Chlainne Mhuiris agus Dún Dealgan

$
0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (1 Bealtaine) go bhfuil iarratais á lorg aige chun dhá sheirbhís raidió pobail a sholáthar, ag freastal ar Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird, agus Dún Dealgan agus an Ceantar Máguaird.  Cuireadh fógraí poiblí maidir leis na hiarratais atá á lorg sna páipéir áitiúla ábhartha.

Tá an tseirbhís do Chlár Chlainne Mhuiris agus an Ceantar Máguaird á feidhmiú faoi láthair ag Claremorris Community Radio Company faoi Theorainn Ráthaíochta (ag trádáil mar Claremorris Community Radio) agus rachaidh an conradh sin in éag an 31 Nollaig 2018.

I nDún Dealgan, tá an tseirbhís á feidhmiú faoi láthair ag Dundalk Media Centre Limited (ag trádáil mar Dundalk FM) agus rachaidh an conradh in éag an 30 Lúnasa 2018.

Ba chóir go mbeadh na seirbhísí raidió pobail atá fógartha dírithe ar an bpobal agus ba chóir dul i ngleic iontu le hábhar spéise na ndaoine sna limistéir saincheadúnais, agus go mbeadh tairbhe shóisialta ag baint leis na seirbhísí do na daoine sin.  Níor chóir go mbeadh na seirbhísí seo dírithe ar bhrabús agus ba chóir go n-éascóidís rochtain ar an tseirbhís, agus rannpháirtíocht inti, do dhaoine agus do ghrúpaí atá ina gcónaí sna limistéir saincheadúnais lena mbaineann.

D’fhorbair an tÚdarás an doiciméad Treoir maidir le hAighneachtaí do sheirbhísí raidió pobail, d’fhonn cuidiú leis an bpróiseas iarratais.  Is féidir sonraí breise maidir le próisis na n-iarratas agus na doiciméid chuí a fháil ar shuíomh gréasáin an Údaráis anseo.

Is é an spriocdháta d’iarratais le haghaidh an dá sheirbhís a 12 meán lae Dé Céadaoin, 1 Lúnasa 2018. 

The post Iarratais á lorg i gcomhair Seirbhísí Raidió Pobail do Chlár Chlainne Mhuiris agus Dún Dealgan appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann Scéim Cartlannúcháin 2

$
0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inniu (07.06.18) sonraí Scéim Cartlannúcháin 2, ar cuspóir di cabhrú le hoidhreacht na hÉireann a chaomhnú trí fhorbairt cultúir cartlannúcháin a spreagadh in earnáil chraoltóireachta na hÉireann.

Is é seo an dara cur amach den Scéim Cartlannúcháin a bheidh le seoladh ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus oibreoidh sí go dtí deireadh 2022. Faoin Scéim bhunaidh, dámhadh breis is €5m de chistiú do 14 iarratasóir ar éirigh leo. Fuarthas aighneachtaí ó raon forleathan iarratasóirí, lena n-áirítear craoltóirí poiblí, tráchtála agus pobail; fógróirí; agus daoine agus forais atá inniúil ar obair a dhéanamh ar ábhar cartlannúcháin a mheastar a bheith luachmhar don Stát. Ar na tionscadail ar éirigh leo bhí soláthar cistiúcháin do TG4 chun digitiú a dhéanamh ar chláir nuachta agus cúrsaí reatha Gaeilge; do RTÉ chun cartlannú a dhéanamh ar Scannánaíocht Nuachta Teilifíse ó 1961-1969; d’Iontaobhas Radharc chun cartlannú a dhéanamh ar chláir roghnaithe ó 1964-1972 de réir ardghléine; agus d’ Institiúid Scannán na hÉireann chun athchóiriú a dhéanamh ar chnuasach de 200 fógra teilifíse Éireannach ó na 1960í go dtí na 1980í.

Ar na príomhchuspóirí atá le Scéim Cartlannúcháin 2 tá cur chuige comhtháite a fhorbairt i leith bunábhar clár a chartlannú; próisis agus formáidí stórála cuí a fhorbairt chun athchóiriú agus/nó stóráil ábhair thaifeadta a spreagradh agus cabhrú leis sin; agus socrú a dhéanamh chun go mbeidh rochtain thapa chruinn ar bhunábhar clár ag páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, spreagfaidh Údarás Craolacháin na hÉireann forbairt comhpháirtíochtaí idir craoltóirí, forais nó pearsana aonair a bhfuil ábhar iomchuí ina seilbh is ábhar a chuireann cuspóirí Scéim Cartlannúcháin 2 chun cinn.

Dúirt Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, an tOllamh Pauric Travers: “Tá Údarás Craolacháin na hÉireann tiomanta do bhreis ábhair closamhairc atá iomchuí ó thaobh an chultúir de a bheith ar fáil do lucht féachana agus éisteachta in Éirinn. Is slí amháin é acmhainní cartlannúcháin a chur chun cinn ar a bhféadfaimid an cuspóir straitéiseach sin a chomhlíonadh. Aidhm eile atá ag an scéim ná oidhreacht na hÉireann a chosaint, agus déanfar, chun na críche sin, aird ar leith a thabhairt ar chartlannú bunábhair cláir ina gcaomhnaítear taifead stairiúil ar chultúr, oidhreacht agus thaithí na hÉireann. Áirítear air sin cláir agus scannánaíocht a bhaineann le cultúr agus beatha na hÉireann; leis an spórt; le ceol na hÉireann, leis an drámaíocht agus an tsiamsaíocht; le nuacht, cúrsaí reatha nó cláir faisnéise; le cláir do leanaí, agus le cláir sa Ghaeilge.”

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe, ina theannta sin: “Tá sé á admháil go forleathan ag breis daoine anois go bhfuil cláir theilifíse agus raidió chomh tábhachtach céanna ó thaobh ár n-oidhreachta cultúrtha agus sóisialta de agus atá ábhar clóite atá i seilbh leabharlann nó déantáin atá le fáil in iarsmalanna. Is léir ón oiread iarratas a fuarthas faoin gcéad Scéim Cartlannúcháin go dtuigeann craoltóirí in Éirinn go rímhaith go bhfuil gá le bearta chun oidhreacht chraoltóireachta na hÉireann a chaomhnú.

“Trí bhíthin Scéim Cartlannúcháin 2, tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag tnúth le bheith ag obair le craoltóirí agus le daoine eile chun cabhrú go héifeachtach le slánchoimeád, caomhnú agus athchóiriú oidhreacht chraoltóireachta na hÉireann ar mhaithe leis na glúinte atá romhainn.”

Osclófar an chéad bhabhta de Scéim Cartlannúcháin 2 i dtreo dheireadh mhí Iúil nuair a fhoilseofar Treoirlínte na Scéime agus foirm iarratais. Tá breis sonraí i dtaobh Scéim Cartlannúcháin 2 le fáil anseo.

CRÍOCH

Teagmhálaí: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, Teil: 01-4200580 / 087-9881837 / 087-3239496.

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Faoi théarmaí an Achta Craolacháin, 2009, sanntar d’Údarás Craolacháin na hÉireann freagracht as scéim a fhoirmliú, a bhainistiú agus a riaradh chun cistiú a dhéanamh ar fhorbairt cur chuige chomhtháite i leith bunábhar clár a tháirgtear sa Stát a chartlannú. Bunaíodh an Scéim Cartlannúcháin faoi alt 154(1)(e) den Acht. Cisteofar Scéim Cartlannúcháin 2 trí chéatadán den Chiste Craolacháin bliantúil, dá bhforáiltear faoi Alt 157 den Acht. Táthar ag brath nach mbeidh an chionmhaireacht a leithroinnfear ar an gcartlannú níos mó ná 20% den mhéid iomlán a bheidh ar fáil as an gCiste Craolacháin in aon bhliain faoi leith.

The post Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann Scéim Cartlannúcháin 2 appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúchán poiblí faoi athruithe molta chuig rialacha i dtaca le fotheidealú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus clostuairisc.

$
0
0

Sheol Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) comhairliúchán poiblí inniu (13.06.18) i dtaca le hathruithe molta ar Rialacha Rochtana de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, a rialaíonn an méid fotheidealaithe, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus clostuairisce a chaithfidh craoltóirí a chur ar fáil don phobal.

Is é is aidhm leis na rialacha tuiscint agus taitneamh a bhaineann daoine bodhra, daoine le deacrachtaí éisteachta, daoine dalla nó daoine caocha as an teilifís a mhéadú. Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí an 27 Iúil 2018 agus tá freagraí á lorg ag Údarás Craolacháin na hÉireann ón bpobal i gcoitinne, ó ghrúpaí ionadaíocha agus ó chraoltóirí. Moltar na leasuithe tar éis gur críochnaíodh athbhreithniú reachtúil ar Rialacha Rochtana in 2017.

Dúirt an tOllamh Pauric Travers, cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann: Tá na Rialacha Rochtana i bhfeidhm ó 2005 agus chuir siad go mór le méadú rochtana ar agus taitneamh a bhaintear as seirbhísí teilifíse do spriocghrúpaí. Chuir forbairtí sa teicneolaíocht agus an t-athrú chuig teilifís digiteach in 2012 modhanna nua ar fáil chomh maith, lenar féidir le craoltóirí cláreagrú a chuir ar fáil do lucht féachana na hÉireann, a áiríonn daoine a bhaineann leas as seirbhísí rochtana. Mar sin féin, caithfimid ár ndícheall a dhéanamh tógáil ar an méid a baineadh amach go dtí seo.

Chinn an t-athbhreithniú a rinne Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid dá chomhairliúchán go leanann an fás ar líon agus réimse na seirbhísí rochtana a sholáthraítear do sheirbhísí teilifíse gach bliain. Tháinig feabhas freisin ar chaighdeán agus iontaofacht an tsoláthair seirbhíse rochtana sa tréimhse sin, ach tá dúshláin mhóra fós sa réimse seo.  Chinn an t-athbhreithniú go bhfuil na rialacha, ar an mórchuid, ag teacht leis an gcleachtas is fearr ag leibhéal Eorpach agus Idirnáisiúnta, agus cuir chuige nua ó údaráis eile ag cur bonn eolais faoi athruithe molta ar na Rialacha.

Dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann: Roimhe seo, chuimsigh na Rialacha Rochtana sprioc-réimsí a leag céatadán de na cláir ar cheart fotheidealú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann nó clostuairisc a bheith ar fáil dóibh ar gach cainéal teilifíse.  Moltar anois go socrófar sprioc-fhigiúir seachas raon.  Leagadh sprioc-fhigiúirí áirithe amach do na príomhchraoltóirí le haghaidh 2019 agus 2020, agus rachaidh Údarás Craolacháin na hÉireann i gcomhairle le craoltóirí i dtaca le spriocanna le haghaidh na tréimhse 2021–2023.

Cuimsíonn na dréachtrialacha dualgas molta freisin go gcuirfeadh TV3 Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil, chun staid forbartha an chraoltóra agus an stádas a tugadh don teanga seo san Acht um Teanga Chomharthaíochta na hÉireann 2017 a léiriú. Mar chuid de na hathruithe molta, beidh dualgas ar chraoltóirí Oifigeach Idirchaidrimh Rochtana a bheith acu chun sruth na teagmhála idir na stáisiúin agus úsáideoirí rochtana a fheabhsú.

Is féidir iontrálacha a dhéanamh trí r-phost, ar líne nó i gcóip chrua. Is féidir iontrálacha ar líne a dhéanamh trí shuíomh idirlín Údarás Craolacháin na hÉireann, trí r-phost chuig access@bai.ie nó le cóip chrua i scríbhinn chuig an Oifigeach Rochtana, Údarás Craolacháin na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath D02 XP29. Is é an 27 Iúil 2018 an spriocdháta d’iontrálacha. Tá cóipeanna de na dréachtrialacha agus tá leaganacha fuaime agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann den doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar shuíomh idirlín Údarás Craolacháin na hÉireann anseo. Tá cóip den chomhairliúchán le fáil i mBraille arna lorg ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

CRÍOCH.

Nóta d’eagarthóirí:

  • Faoin Acht Craolacháin, 2009, tá sé de dhualgas ar Údarás Craolacháin na hÉireann athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacha Rochtana gach dhá bhliain agus chuir athbhreithniú reachtúil suntasach ar na rialacha a rinneadh in 2017 bonn eolais faoi na hathruithe atá á moladh anois. Chuimsigh an próiseas athbhreithnithe scrúdú ar rialacha i dtíortha eile; taighde ar pháirtithe leasmhara; agallaimh le craoltóirí; chomh maith le hagallaimh agus ceardlanna le húsáideoirí rochtana agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha.

 

The post Seolann Údarás Craolacháin na hÉireann comhairliúchán poiblí faoi athruithe molta chuig rialacha i dtaca le fotheidealú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus clostuairisc. appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.


Laghdú ar úsáid na meán sóisialta i gcomhair nuachta i measc tomhaltóirí Éireannacha ach is beag tuiscint atá acu ar conas mar thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta

$
0
0

Is beag tuiscint atá ag tomhaltóirí in Éirinn agus ar fud an domhain ar conas mar a thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta. B’in ceann amháin de na fionnachtana as an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters, a scaoileadh amach inniu (14.06.18). Is éard is cuspóir don staidéar idirnáisiúnta bliantúil sin ná tuiscint a fháil ar conas atá an nuacht á tomhailt ar fud na cruinne, agus leagtar béim faoi leith ann ar thomhailt na nuachta digití agus na gléasanna a úsáidtear chun teacht ar an nuacht. Fionnadh ann nach ndúirt ach 28% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu in Éirinn go dtuigeann siad ról na n-algartam. Níorbh eol ach do 27% ar fud an domhain ról na n-algartam agus ní raibh an freagra ar eolas ag 73% nó rinne siad talamh slán de go mbíonn iriseoirí ar fostú ag cuideachtaí meán sóisialta.

Rud atá ar aon dul le treochtaí idirnáisiúnta, tá laghdú beag tagtha ar úsáid na meán sóisialta i gcomhair nuachta. Mar fhoinse nuachta, in Éirinn, tá Facebook tar éis titim ó 71% i 2015 go dtí 67% i 2018. Is mó fós an titim sin sna Stáit Aontaithe, mar a bhfuil an úsáid a bhaintear as Facebook i gcomhair nuachta tar éis titim de 9% ó 2014 i leith. Mar sin féin, taispeántar sa taighde go bhfuil Instagram mar fhoinse nuachta dulta i méid ó 12% i 2015 go dtí 26% i mbliana.

Is í Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht a fhoilsíonn an Tuarascáil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters. Is í seo an ceathrú bliain go bhfuil cistiú déanta ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ar Éire a chuimsiú sa staidéar, mar chuid dá chuid oibre chun an iolracht sna meáin a chothú in Éirinn. Rinne BAI an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a choimisiúnú chun tuarascáil shonrach a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé a bhaineann le hÉirinn i leith na gceithre bliana is deireanaí. Bailíodh na sonraí i gcomhair an taighde idir Eanáir-Feabhra 2018, rud atá ag teacht leis an tráthchlár bailithe sonraí céanna i leith na mblianta roimhe seo.

Ar na heochairphointí a tháinig ar barr as an taighde bhí:

Pátrúin Tomhaltais: Is beag an t-athrú atá tagtha ar na pátrúin tomhaltais nuachta as a n-iomláine. Is iad na príomhfhoinsí nuachta do thomhaltóirí Éireannacha ná an teilifís (56%), na meáin shóisialta (53%), an raidió (45%), agus leaganacha ar líne de nuachtáin (44%). Tá an meath ar na nuachtáin chlóite ag leanúint ar aghaidh fós; thit siad ó 40% i 2017 go dtí 35% i 2018.

Íoc as an Nuacht: Tá méadú beag ach méadú seasta ar an líon tomhaltóirí a íocann as an nuacht. Mhéadaigh ar líon an lucht íoca in Éirinn ó 7% i 2017 go dtí 12% i 2018. Fágann sin go bhfuil Éire ag teacht leis an meán in AE. Mhéadaigh na híocaíochtaí i measc an aoisghrúpa 24-go-34 de 6% sa bhliain a d’imigh thart, go dtí 19%. Ina theannta sin, fionnadh sa staidéar go bhfuil breis foinn ag teacht ag na daoine nach n-íocann as nuacht tosú ar a bheith ag íoc aisti trí shuibscríobh (20%) nó thabhartas (22%).

An raidió mar fhoinse Nuachta: Is iad tomhaltóirí na hÉireann is mó a roghnaíonn an raidió mar an phríomhfhoinse nuachta acu as na 37 dtír a ndearnadh suirbhé orthu. Dúirt 13% éigin de na freagróirí Éireannacha gurb é an raidió an phríomhfhoinse nuachta acu, i gcomórtas le 7% ar meán in AE agus 5% i SAM. De dhéanta na fírinne, is in Éirinn atá an ráta daoine is mó a éisteann leis an raidió i gcomhair nuachta de na tíortha go léir a ndearnadh staidéar orthu i dTuarascáil Reuters ar an Nuacht Dhigiteach.

Podchraoltaí: Bíonn breis tóra ar phodchraoltaí i measc tomhaltóirí nuachta in Éirinn seachas mar a bhíonn ag a macasamhla san Eoraip, i RA nó i SAM. Fionnadh sa staidéar go n-éisteann 38% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu in Éirinn le podchraoltaí, i gcomórtas le 33% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu i SAM agus 18% i RA. Is é 27% an meán in AE.

Iontaoibh: Dúirt 71% de thomhaltóirí Éireannacha go bhfuil níos mó iontaoibhe acu as “an chuid is mó den nuacht” ná meán AE (62%), agus céatadán is airde ná sin, 78%, a dúirt go bhfuil níos mó iontaoibhe acu as nuacht a roghnaíonn siad go sonrach lena tomhailt. Mar sin féin, is beag iontaoibh a thugann tomhaltóirí Éireannacha leis na meáin shóisalta (28%). 19% an leibhéal iontaoibhe as na meáin shóisialta i SAM agus 17% i RA.

Bréagaisnéis: Dúirt breis agus leath na dtomhaltóirí Éireannacha (57%) gur údar imní leo an “bhréagaisnéis”, figiúr atá gairid don fhigiúr in RA arb é 58% é. Dúirt 61% de na tomhaltóirí Éireannacha go raibh siad an-imníoch nó thar a bheith imníoch faoi scéalta a chumtar ar chúiseanna polaitiúla nó tráchtála, ach níor chuimhin ach le 17% díobh an saghas seo bréagaisnéise a fheiceáil. Maidir le haghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis, dúirt 63% éigin de na tomhaltóirí Éireannacha go raibh freagracht ar an Rialtas níos mó a dhéanamh, agus chreid 76% gur chóir d’iriseoirí agus do chuideachtaí meán cumarsáide níos mó a dhéanamh. Tagann sésin leis na figiúirí idirnáisiúnta: iriseoirí (73%), rialtais (64%).

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe: “Tá rialálaithe na meán cumarsáide ar fud na hEorpa ag tabhairt tús áite don iolracht sna meáin chumarsáide a chothú de réir mar a rachaimid in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann le tírdhreach na meán cumarsáide atá ag teacht i gcrích go mear. Sa timpeallacht ina n-oibrímid, tá sonraí tráthúla, inchreidte, iomchuí riachtanach chun díospóireacht eolasach agus cinnteoireacht ar bhonn fianaise a éascú. Tá cion ríluachmhar déanta ag Tuarascáil Institiúid Reuters ar an Nuacht Dhigiteach i leith na díospóireachta sin in Éirinn le ceithre bliana anuas.

“Is údar misnigh a fheiceáil i dtuarascáil na bliana seo go bhfuil Éire i mbarr na vótála ó thaobh tomhaltóirí a bheith ag úsáid an raidió mar an phríomhfhoinse nuachta acu. Tá sé suimiúil leis, ó thaobh inbhuanaitheacht na meán cumarsáide de, go bhfuil méadú ar na líonta daoine atá toilteanach íoc as an nuacht, go háirithe i measc aoisghrúpaí óga. Mar sin féin, is cúis bhuartha éigin í an easpa tuisceana ar conas a oibríonn algartaim dhigiteacha agus léiríonn sí go bhfuil breis gníomhaíochta ar an litearthacht dhigiteach ag teastáil, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Tá Údarás Craolacháin na hÉireann gníomhach sa réimse seo agus beidh an fhaisnéis seo an-suimiúil don Líonra Éireannach um Litearthacht sna Meáin a bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann ag déanamh urraíochta air.”

Dúirt an Dr. Jane Suiter, stiúrthóir FuJo, ina theannta sin: “Tá gnéithe dearfacha agus diúltacha sa tuarascáil ó thaobh thionscal na nuachta de: ar thaobh amháin, tá an líon daoine atá toilteanach íoc as nuacht ar líne ag dul i méid go seasta, ach ar an taobh eile is dealraitheach gur beag an tuiscint atá ag tomhaltóirí nuachta ar conas mar a chruthaítear an nuacht nó ar ról na n-ardán agus na meán sóisialta. Is údar imní é sin agus beidh tionchar dá réir sin aige i bhfad na haimsire ar an iontaoibh a thugtar leis an nuacht.”

CRÍOCH

Fiosrúcháin ó na Meáin Chumarsáide: Joanne Ahern / Sebastian Enke, DHR Communications, 01-4200580 / 087-9881837/ 087-3239496

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Is í an Tuarascáil bhliantúil ar an Nuacht Dhigiteach ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht in Ollscoil Oxford an staidéar leanúnach is mó ar threochtaí i dtomhailt na nuachta ar domhan. Tá an tuarascáil dhomhanda, ina gcuimsítear 37 dtír, ar ag www.digitalnewsreport.org.
  • Tá an tuarascáil Éireannach á hurrú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus tá sí tiomsaithe ag an Institiúid um Meáin Chumarsáide agus Iriseoireacht sa Todhchaí (FuJo) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá an tuarascáil Éireannach ar fáil anseo.

The post Laghdú ar úsáid na meán sóisialta i gcomhair nuachta i measc tomhaltóirí Éireannacha ach is beag tuiscint atá acu ar conas mar thagann an nuacht isteach ina gcuid fothaí meán sóisialta appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe

$
0
0

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) na cinntí is déanaí ar ghearáin chraolacháin inniu (27.06.18).

Bhreithnigh agus dhiúltaigh an Coiste um Chomhlíonadh sa BAI ar 8 ngearáin ar an 7ú Márta agus 18ú Aibreán 2018. Bhain na gearáin ar bhreithnigh an Coiste um Chomhlíonadh iad le cláir a craoladh ar:

  • RTÉ Raidió 1: Liveline: 11ú Samhain 2017
  • RTÉ One TV: The Late Late Show: 12ú Eanáir 2018

Dhiúltaigh an Fóram Gearán Feidhmiúcháin do 16 ngearáin tar éis dó iad a bhreithniú.

Tá sonraí faoi na cinntí sin go léir ar fáil lena n-íoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Déan teagmháil le: Joanne Ahern, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-9881837

Nóta d’Eagarthóirí

Faoin Acht Craolacháin 2009, is féidir le breathnóirí agus le héisteoirí gearán a dhéanamh faoi lánas craolacháin a mheasann siad nach bhfuil ag teacht le cóid chraolacháin agus rialacha craolacháin an BAI. Ar aon dul le próiseas láimhseála gearán an BAI, ba cheart don bhreathnóir nó don éisteoir a ghearán a chur faoi bhráid an chraoltóra ar an gcéad dul síos. Ní mór é sin a bheith déanta laistigh de 30 lá ó dháta an chraolta.

Mura bhfuil breathnóir nó éisteoir sásta leis an bhfreagra a fuair sé ón gcraoltóir nó murar thug an craoltóir freagra laistigh den tréimhse a shonraítear ina gCód Cleachtais um Láimhseáil Gearán (21 lá tar éis an gearán a fháil de ghnáth), féadfaidh an breathnóir nó an t-éisteoir an gearán a tharchur chuig an BAI lena bhreithniú.

Agus gearáin á measúnú aige, agus ag tabhairt aird ar a chuid cód agus rialacha, breithníonn an BAI an bunábhar a chuireann na páirtithe ábhartha isteach agus an bunábhar craolacháin. Is ag leibhéal an Choiste Feidhmiúcháin a mheasúnaítear gearáin nó is é an Coiste um Chomhlíonadh san Údarás a mheasúnaíonn iad.

Tar éis breithniú a bheith déanta ar ghearán:

  • Seoltar cóip den chinneadh chuig an ngearánach agus chuig an gcraoltóir sula bhfoilsítear é.
  • Sa chás go seastar, go hiomlán nó i bpáirt, le gearán, craolfaidh an craoltóir lena mbaineann cinneadh an Choiste um Chomhlíonadh, má mheasann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé cuí déanamh amhlaidh. D’fhéadfadh ainm an duine a rinne an gearán a bheith ar áireamh anseo. Déanfar é sin ag am atá gar don chraoladh bunaidh a ndearnadh an gearán ina leith. Is é an t-aon eisceacht air sin ná cásanna ina measann an Coiste um Chomhlíonadh go bhfuil sé míchuí an cinneadh a chraoladh.
  • Sa chás go meastar gearán a bheith réitithe, tá an Coiste um Chomhlíonadh sásta gur déileáladh leis an ábhar agus nach bhfuil aon bheart breise ag teastáil.
  • Dáiltear cinntí an BAI ar na meáin agus postáiltear iad ar shuíomh Gréasáin an BAI, mura measann sé go bhfuil sé míchuí déanamh amhlaidh.
  • Tagann an próiseas chun deiridh tar éis don BAI an t-ábhar a bhreithniú agus a chinneadh a eisiúint.
  • Baineann cinntí leis an gceisteanna ar chloígh nó nár chlóigh an clár nó an fógra leis na riachtanais ábhartha agus na cóid agus na rialacha chraoltóireachta. Ní hionann na cinntí agus faomhadh nó tacaíocht a thabhairt do dhearcthaí  aon pháirtí lena bhain an gearán agus ní thógann siad gach gné den ghearán a dhéantar san áireamh.

The post Tá na Cinntí is Déanaí ar Ghearáin Chraolacháin foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Conarthaí Sínithe i gComhair Seirbhísí Raidió Pobail

$
0
0

D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) inniu (Dé Máirt 3 Iúil) gur síníodh trí cinn de chonarthaí craoltóireachta fuaime pobail agus pobail inspéise. Is éard atá sna seirbhísí: seirbhís raidió pobail d’Iardheisceart Thiobraid Árann – Tipperary Mid-West Radio, d’Iardheisceart an Chláir – Raidió Corca Baiscinn; agus seirbhís pobail inspéise i gcomhair phobal Críostaí Chathair Chorcaí, Life FM.

Ag caint dó ag síniú na gconarthaí, dúirt Príomh-Fheidhmeannach BAI, Michael O’Keeffe,: “Tá an-áthas orainn conarthaí deich mbliana a shíniú le gach ceann de na trí sheirbhís inniu. Tá Life FM, Raidió Corca Baiscinn agus Tipperary Mid-West Radio ag oibriú le blianta fada, agus tugann gach ceann acu seirbhís luachmhar ar bhonn rochtain a bheith ag an bpobal agus ag an bpobal leasa, agus riachtanais an lucht éisteachta a bhfuil sé ceadúnaithe a bheith ag friotháil orthu. Guímid rath do gach conraitheoir acu i gcaitheamh 10 mbliana na gconarthaí nua.”

Rinne an Cathaoirleach, Pauric Travers agus Michael O’Keeffe, an Príomh-Fheidhmeannach, ionadaíocht do BAI ag síniú na gconarthaí. Is iad seo a leanas na sínitheoirí thar ceann gach ceann de na stáisiúin, mar aon le dáta éifeachtach gach conartha acu:

Ainm an Stáisiúin Limistéar an tSaincheadúnais Sínitheoirí an Stáisiúin Dáta Éifeachtach
Tipperary Mid -West Radio Iardheisceart Thiobraid Árann Cathaoirleach; Pat O’ Brien Rúnaí; Mairead Horan 1 Lúnasa 2018
Raidió Corca Baiscinn Iardheisceart an Chláir Cathaoirleach; Kevin Heapes Stiúrthóir; Paul Williams 1 Lúnasa 2018
Life FM Cathair Chorcaí Cathaoirleach; Brian Daly  Rúnaí; Ann Glanville   1 Lúnasa 2018

CRÍOCH

Cuirtear Fiosruithe ó na Meáin Chumarsáide go dtí:

Joanne Ahern, DHR Communications. Tel: 01-4200580 / 087-9881837.

The post Conarthaí Sínithe i gComhair Seirbhísí Raidió Pobail appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Fógraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus CMF Babhta Maoinithe i gcomhair Dreasacht Forbartha do Thionscadail Chlosamhairc

$
0
0

Baile Átha Cliath / Toronto – D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus an Canada Media Fund (CMF) inniu go bhfuil an dara babhta den dreasacht maoinithe trí bliana oscailte chun tionscadail chlosamhairc a fhorbairt.

Is féidir treoirlínte cláir, doiciméid iarratais agus spriocdhátaí i gcomhair aighneachtaí a fháil ar shuíomh gréasáin an Údaráis anseo. Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh an 28 Meán Fómhair 2018.

Tá an dá eagraíocht ag obair i gcomhpháirt lena chéile ar feadh trí bliana idir 2017-2019 chun tionscadail chomhfhorbartha a mhaoiniú idir léiritheoirí i gCeanada agus in Éirinn. Beidh €140,000 ar fáil sa dara bliain den Dreasacht. Is é €35,000 an t-uasmhéid a bheidh ar fáil le haghaidh gach tionscadail a mhaoineofar tríd an Dreasacht.

Déantar iarracht leis an dreasacht seo tionscadail teilifíse a mhaoiniú agus síntí meán digiteach de thionscadail teilifíse dá leithéid, a chomhlíonann treoirlínte an CMF agus cuspóirí agus téamaí Scéim Fuaime agus Físe an Údaráis. Déanfaidh coiste roghnaithe ar a bhfuil ionadaithe ón dá eagraíocht mhaoinithe measúnú ar thionscadail agus roghnóidh siad iad.

Ó seoladh an chéad dhreasacht maoinithe idir Éirinn agus Ceanada i 2016, chuir an t-Údarás agus CMF €289,000 ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar naoi dtionscadal i gcomhar lena chéile; bronnadh €143,000 den méad seo ar chúig tionscadal i rith 2017 don chéad babhta den dreasacht trí-bliana.

Comhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú

Tugtar cuireadh do léiritheoirí ar spéis leo comhpháirtí idirnáisiúnta a aimsiú mar chuid den dreasacht forbartha seo próifíl dá gcuideachta a chur suas ar shuíomh gréasáin CMF trí chliceáil anseo. Beidh fáil ag gach duine ar na próifílí, lena n-áirítear comhpháirtithe ionchasacha as tíortha eile.

Maidir leis an BAI

Is é an BAI an rialtóir craolta in Éirinn. Tá ról lárnach aige freisin i bhforbairt na hearnála craolacháin in Éirinn agus i dtacú léi. Tá raon tacaíochtaí agus tionscnaimh mhaoinithe i bhfeidhm faoi láthair trína gcomhlíonann an BAI an ról seo. Folaítear do Bhearta Coimhdeacha Fuaime agus Físe, cosúil leis an gciste a leagtar amach thuas, faoi Alt 5.6 den Scéim Mhaoinithe Chraolacháin. Ceapadh na bearta seo agus cuirtear i bhfeidhm iad d’fhonn tacú le cuspóirí na Scéime a bhaint amach.

Maidir le Canada Media Fund

Cothaíonn, forbraíonn, maoiníonn agus cuireann Canada Media Fund (CMF) léiriú ábhar as Ceanada chun cinn ar gach ardán meán closamhairc. Treoraíonn an CMF ábhar as Ceanada i dtreo timpeallacht iomaíoch dhomhanda trí nuálaíocht tionscail a chothú, luach saothair a thabhairt don rath, éagsúlacht guthanna a chumasú agus rochtain ar ábhar a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideach. Faigheann an CMF tacaíocht airgeadais ó Rialtas Cheanada agus ó dháileoirí cábla, satailíte agus IPTV i gCeanada. Tabhair cuairt ar cmf-fmc.ca

I gcomhair tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

BAI
Sebastian Enke
DHR Communications
sebastian@dhr.ie
01 4200580/087-3239496

CMF
André Ferreira
Bainisteoir Cumarsáide
aferreira@cmf-fmc.ca
416.214.4402

The post Fógraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus CMF Babhta Maoinithe i gcomhair Dreasacht Forbartha do Thionscadail Chlosamhairc appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

$
0
0

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (26.07.18).

Cumhdaítear an tréimhse 12-mhí ó Iúil 2017 – Meitheamh 2018.

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Bearla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IpsosMRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

The post Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe appeared first on Údarás Craolacháin na hÉirean.

Viewing all 204 articles
Browse latest View live




Latest Images